Seanad 2020 Litir um Thoghchan

Maidir le Alice-Mary 

  • Rugadh agus tógadh i nGaillimh  
  • UCD (BA), Coláiste na Tríonóide (MPhil)  
  • Scoláire Fulbright, New School for Social Research  
  • Comhairle Náisiúnta na mBan Iar-Chomhordaitheoir Beartais  
  • Older & Bolder: Feachtais ar son Pinsean agus Cúram Baile  
  • Trócaire: Beartas agus Feachtais ar son Cheartas Aeráide  
  • Comhlámh: Comhordaitheoir ar Thionscadal Frith-Chiníochais  
  • Gníomhaí SIPTU. Feachtasóir ar son na hAisghairme agus an Chomhionannais Pósta 

Sa Seanad 

  • Chuir os cionn 50 leasú le reachtaíocht 
  • D'urraigh agus chomhurraigh 10 mBille 
  • Ceannaire ar Ghrúpa Rannpháirtíochta Sibhialta an tSeanaid leis na Seanadóirí Frances Black, Lynn Ruane, John Dolan, Colette Kelleher agus Grace O’Sullivan 
  • Coiste an Oireachtais um Ghníomhú ar son na hAeráide 
  • Coiste an Oireachtais um Ghnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Shóisialach 
  • Grúpa Forfheidhmithe Athchóirithe an tSeanaid 
  • Cathaoirleach ar Ghrúpa an Oireachtais maidir le Síocháin, Neodracht agus Dí-armáil 
  • Fóram Parlaiminteach na hEorpa um Chearta Atáirgthe 
  • Toscaire Éireannach chuig Comhairle na hEorpa, ESCE agus na NA

 A Chomhchéimí, a chara,  
Ba mhór an onóir dom freastal ort mar Sheanadóir neamhspleách, forásach - an chéad bhean a thogh Ollscoil Éireann le 35 bliain. 
Ba cheart go mbeadh ionchur ag gach duine sa Seanad. Táim ag troid ar son an athchóirithe ó mo chéad lá. Táim tar éis a bheith dílis do mo ghealltanas "cúram, cruthaitheacht agus smaointeoireacht fhadtéarmach a thabhairt isteach i gceartlár na díospóireachta polaitiúla". 
Is féidir leis an Seanad díospóireacht phoiblí a stiúradh agus dlíthe a chruthú agus a mhúnlú. Is reachtóir éifeachtach mé a ghnóthaigh tacaíocht thraspháirtí do bhillí agus do 50 leasú agus os a chionn a raibh tionchar dearfach acu ar shaol daoine. Déanaim mo chuid oibre ar bhealach paiseanta agus machnamhach, ceanglaím an mionsonra leis an mórphictiúr maidir le comhionannas, eacnamaíocht agus comhshaol.  
Táimid ag tabhairt faoi dheich mbliana gníomhaíochta agus gan ach deich mbliana againn chun dul i mbun gnímh maidir leis an athrú aeráide chun Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach. Ní mór dúinn a bheith uaillmhianach i dtaca le comhionannas agus le seirbisí poiblí. 
Mar reachtóir a bhfuil taithí aici agus tuiscint ar bheartas eacnamaíochta agus sóisialta, tiomantas don chomhionannas agus don chomhshaol, agus cumas cruthaithe chun athruithe a chur chun cinn, ba mhaith liom a bheith san áit a mbeidh na díospóireachtaí tábhachtacha. 
Iarraim ort Vóta Uimhir 1 a thabhairt do Alice-Mary Higgins 

“Alice-Mary has an independent mind and the eloquence to express it. She has a real vision for Ireland” Declan Kiberd, Iar-Chathaoir na Litríochta Angla-Éireannaí in UCD 

“An effective, passionate and inspiring legislator” Catriona Crowe, Cartlannaí agus Ainmnitheoir 

“A powerful voice for women and equality” Ailbhe Smyth, Tacadóir an Chomhionannais

Cén Fáth Vótáil Domsa?

COMHIONANNAS I mo chuid oibre sa Seanad agus ar Choistí, tacaím le hobair fhiúntach agus le hinfheistíocht sa chúram.  Agus mé ag tarraingt ar mo thaithí le Comhairle Náisiúnta na mBan thug mé dúshlán an neamh-chomhionannais pá agus pinsin agus chuidigh mé le dlíthe nua faoi smachtú comhéigneach. Thacaigh mé, freisin, le reachtaíocht fhorásach maidir le míchumas agus cearta na n-imirceach, an lucht siúil, agus LGBTQI+.  Rinne mé feachtasaíocht ar son na hAisghairme ó 1992 ar aghaidh agus sa Reifreann.  Is guth láidir mé ar son an chomhionannais i mbeartas sóisialta agus eacnamaíochta. 

COMHSHAOL Tá géarchéim dúbailte romhainn mar atá an t-athrú aeráide agus an bhithéagsúlacht. Sa Seanad bhí mé chun tosaigh agus mé ag cur in aghaidh Billí a rinne bagairt ar fhálta sceach, ar thalamh portaigh agus ar phailneoirí. Lorg mé cosaint dár n-aigéin agus dár limistéir ghlasa agus cosc ar mhicreachoirníní. Agus mé ar an gCoiste um Ghníomhú ar son na hAeráide, d'áitigh mé spriocanna uaillmhianacha, breoslaí iontaise a fhágáil inár ndiaidh, infheistíocht san iarfheistiú, san iompar poiblí agus sa rothaíocht.   Baineann an t-aistriú cóir le fostaíocht den scoth, le pobail inbhuanaithe agus le beartais eacnamaíochta a mbíonn meas acu ar an gcomhshaol. Mar ghníomhaí ar son na haeráide le deich mbliana agus os a chionn, táim toilteanach an ghníomhaíocht phráinneach a chur chun cinn. 

ATHCHÓIRIÚ POLAITIÚIL Throid mé ar son athchóiriú an tSeanaid ó mo chéad laethanta ar aghaidh mar Sheanadóir agus d'oibrigh mé chun reachtaíocht thraspháirtí a bhaint amach a chuireann ceart vótála ar fáil do chách. Táim meáite ar an reachtaíocht sin a rith. Táim tar éis brú a chur chun Coimisiún Toghchánach nua a bhunú agus labhair mé ar pholaitíocht na deighilte. Bhunaigh mé an Grúpa  Rannpháirtíochta Sibhialta chun léargais éagsúla a thabhairt chun cinn i gceapadh beartais agus rinne mé comhurraíocht ar an mBille um Rannpháirtíocht Phobail (Míchumas), mar go mbíonn spáis phoiblí níos fearr nuair a dhéanaimid go léir iad a roinnt agus a mhúnlú. 

SEIRBHÍSÍ POIBLÍ Is iad an t-iompar poiblí, an cúram sláinte, an t-oideachas agus an tithíocht shlán blocanna tógála an tsaoil. Ní chuirfidh an margadh na seirbhísí poiblí a chothaíonn pobail ar fáil. Sa Seanad, d'áitigh mé go dtógfaí tithíocht phoiblí, go gcuirfí cáin ar shuíomhanna folmha, go dtabharfaí cosaint do thionóntaí agus go gcuirfí maoiniú níos fearr ar fáil don fhorbairt pobail agus don chultúr.  
Throid mé ar son an oideachais chuimsithigh agus go ndéanfaí é a mhaoiniú i gceart, ó na blianta luatha go dtí an taighde ar an tríú leibhéal. Thug mé isteach Bille chun an ardcháilíocht a chur i gcroílár an €12 billiún a chaitear in aghaidh na bliana ar sholáthar poiblí. Ní mór dúinn a bheith críonna agus infheistíocht á déanamh sna cúrsaí is mó tábhacht leo.

AN EITIC AGUS CEARTA AN DUINE 
Mar Chathaoirleach ar an nGrúpa Oireachtais maidir leis an tSíocháin, an Neodracht agus an Dí-armáil, creidim gurb é an t-ionchur is fearr a bheadh ag Éirinn go hidirnáisiúnta a guth a ardú ar son na síochána.  Rinne mé comhurraíocht ar na Billí um Chríocha faoi Fhorghabháil agus um Athaontú Teaghlach agus d'éirigh liom leasuithe ceartabhunaithe a bhaint amach ar reachtaíocht chosaint sonraí, foréigean baile agus uchtú. 
Leanfaidh mé ag tabhairt léargais atá bunaithe ar chearta an duine ar an mbeartas poiblí.

 Iarrthóir Neamhspleách ar Sheanad Éireann (OÉ)

Ainmnitheoir: Catriona Crowe, Cartlannaí 
Cuiditheoir: Ailbhe Smyth, Tacadóir an Chomhionannais 
I measc na nAontaitheoirí: Tara Flynn, Aisteoir agus Údar. An tOllamh Donncha O’Connell, Scoil an Dlí, OÉG. Anastasia Crickley, Iar-Cheann Staidéar Sóisialta, OÉMN. An tOllamh PJ Drudy, Eacnamaí. Theo Dorgan, File.