Cursaí
An Comhionannas agus Cearta an Duine
Táimse ag iarraidh imdhíonadh comhionannais ó thaobh beartais shóisialta agus eacnamaíocha de a bhaint amach. Táim ag obair ar thacaíocht a thabhairt do chur chuige atá bunaithe ar chearta i leith sláinte, tithíochta agus oideachais agus reachtaíochta chun comhionannas rochtana ar na seirbhísí sin a chinntiú. Táim ag leanúint freisin le mo chuid oibre tathanta ar son na gcásanna seo a leanas: comhionannas idir mná agus fir agus deireadh a chur leis an difreálach pá agus pinsin; cúram leanaí inacmhainne ardchaighdeáin; acmhainní chun dul i ngleic leis an bhforéigean in aghaidh na mban; agus an 8ú Leasú a aisghairm. Tá sé i gceist agam a bheith ag obair ar chomhionannas ionadaíochta i réimsí uile an tsaoil náisiúnta a chur chun cinn, lena n-áirítear sna healaíona, sa spórt, i gcúrsaí STEM agus inár n-institiúidí oideachais.
Seirbhísí Poiblí ar Mhaithe le Leas an Phobail
Is gá go mbeadh soláthar seirbhísí poiblí ardchaighdeáin mar thosaíocht náisiúnta againn. Léiríonn an ghéarchéim thithíochta an baol a bhaineann le bheith ag brath an iomarca ar réitigh sa mhargadh agus an gá atá le tuilleadh infheistíocht phoiblí. Tá sé i gceist agam ról an taighde phoiblí a chur chun cinn inár n-institiúidí mar ról a spreagfaidh nuálaíocht agus freisin clásail shóisialta a chur leis an €12 bhilliún a chaitear ar an tsainfháil phoiblí gach bliain, chun dea-chleachtas gnó a chúiteamh agus chun tairbhe níos leithne a mhéadú.
An Geilleagar Inmharthana
Táim ag tathant ar son geilleagar inmharthana a bhaint amach, ar geilleagar é a sholáthraíonn obair fhiúntach, a thacaíonn le cánachas cothrom agus a aithníonn an costas agus an rannchuidiú a bhaineann le cúram. Táimse ag brú ar aghaidh na pleanála comhshaoil fadtéarmaí lena n-áirítear iompar poiblí comhtháite, aistriú i dtreo neodracht ó thaobh carbóin de agus meas ar ár n-acmhainní nádúrtha ar mhaithe le leas an phobail.
Rannpháirteachas agus Athleasú Polaitiúil
Táimse ar son Éire a bheith ina tír ina nglacann gach duine páirt iomlán. Oibrím le daoine níos sine agus le daoine óga atá dífhostaithe agus, ón obair sin, tuigim an gá atá ann infheistíocht a dhéanamh sna réimsí seo a leanas: an t-oideachas, obair ógra, forbairt pobail, cúram sóisialta agus tacaí don mheabhairshláinte. Beidh mé i mo chosantóir sa Seanad don tábhacht a bhaineann leis an rannpháirteachas cultúir agus leis na healaíona. Táim tiomanta d’athleasú an tSeanaid agus, dá bharr sin, táim ag tathant ar son vótáil chomhchoiteann, mar a rinne an Seanadóir Fearghal Ó Cuinn agus an Seanadóir Seán Ó Coróin, agus táim ag tacú le rannpháirteachas níos leithne ón bpobal agus ón tsochaí shibhialta leis an Oireachtas.
Freagracht Idirnáisiúnta
Táim ag iarraidh a chinntiú go mbeidh ról níos láidre ag Seanad Éireann i ndáil le scrúdú a dhéanamh ar reachtaíocht AE, agus an Rialtas a choinneáil cuntasach maidir lena bheartais idirnáisiúnta, agus díospóireacht phoiblí a spreagadh ar shaincheisteanna domhanda a bhfuil tionchar acu ar an domhan seo a chomhroinnimid le chéile amhail an t-athrú aeráide, an trádáil, an coinbhleacht agus an imirce.